Japanese - Coming Soon
Homepage Ferry Times Ferry Prices Tours and Festivals The Aran Islands Getting Here Aran Islands Accommodation Links Contact Us
       

Gradam Sheosamh Uí Ógartaigh

Is iad Arandirect.com / Caol Díreach go hÁrainn buaiteoirí Gradam Sheosamh Uí Ógartaigh 2006 (English version)

         
 
 

Is iad Arandirect.com/Caol Díreach go hÁrainn buaiteoirí Gradam Sheosamh Uí Ógartaigh 2006 Bronnadh an duais shuntasach Gradam Sheoasamh Uí Ógartaigh ar Arandirect.com/Caol Díreach go hÁrainn ag Searmanas Speisialta in Óstán an Ard Oileáin, Déardaoin, 22 Feabhra 2007.

Is iad Gaillimh le Gaeilge, le tacaíocht speisialta ón Galway Advertiser agus i gcomhair le Cumann Tráchtála na Gaillimhe atá i mbun an Ghradaim, agus déantar é a bhronnadh ar comhlacht nó eagraíocht gach bliain mar aitheantas go bhfuil an Ghaeilge in úsáid acu agus de bharr sin go bhfuiltear ag cur Gaillimh chun cinn mar phríomhchathair na hÉireann.

Karen Smyth, AranDirect.com, An tAire Éamon Ó Cuív, T.D. & Sarah Clancy, AranDirect.com

Cuireann Arandirect.com/Caol Díreach go hÁrainn seirbhís fharantóireachta ar fáil chuig oileáin Árann agus tá oifigí acu i gCathair na Gaillimhe agus i Ros a’Mhíl. Tá polasaí láidir Gaeilge i bhfeidhm ag an gcomhlacht ina gcúrsaí gnó ar fad agus an Ghaeilge á cur chun cinn acu go gníomhach mar chuid dá ngníomhaíochtaí díolacháin agus margaíochta. Tá tiomantas an chomhlachta maidir leis an dátheangachas léirithe lena mbranda aitheantais dhátheangach, a stáiseanóireacht dhátheangach agus úsáid na Gaeilge ina gcuid fógraíochta, ticéid, rphoist, fón, fógraí poiblí agus ar a suíomh idirlín (www.arandirect.com) agus dar ndóigh tá seirbhís iomlán trí Ghaeilge ar fáil acu.

Dúirt, Pádraic Ó Ráighne, thar cheann na moltóirí, “gur iontrálaí nua iad Arandirect.com/Caol Díreach go hÁrainn sa gcomórtas Gradam ach is comhlacht iad a bhfuil an teanga mar chuid riachtanach dá ngnó laethúil. Séard a chuaigh i bhfeidhm orainne nó gur comhlacht nua iad Arandirect.com/Caol Díreach go hÁrainn i dtionscal atá thart le tamall ach is iad an chéad comhlacht a ghlac go dáiríre leis an teanga agus a bhain úsáid aisti chun a mbuntáiste i gcúrsaí díolacháin agus margaíochta. Is cuid lárnach dá ngnó í an Ghaeilge in áit a bheith díreach mar ‘rud breise’. Chuaigh cur chuige Arandirect.com/Caol díreach go hÁrainn agus a bpleananna don todhchaí i bhfeidhm go mór orainn agus is de bharr sin a chinn muid duais a gcatagóra agus duais an bhuaiteora iomláin a bhronnadh orthu.”

Bhronn an tAire Éamon Ó Cuív, T.D. dealbh álainn, deartha go speisialta don Ghradam ag Pádraig Reaney agus a léiríonn 14 Treabh na Gaillimhe, le treibh amháin bhreise chun buaiteoir an Ghradaim a chur in iúl – Treibh nua na Gaillimhe, ar Arandirect.Com /Caol Díreach go hÁrainn. Bronnadh pacáiste orthu freisin ón nGrúpa Nuachtán Galway Advertiser, Cumann Tráchtála na Gaillimhe, Galway Bay F.M. agus Snap Printing le luach sa mbreis ar €10,000. Thréaslaigh an tAire leis an mbuaiteoir agus dúirt arís go bhfuil ról fíor-thábhachtach ag gnólachtaí i gCathair na Gaillimhe chun aitheantas a thabhairt do mhargadh na gcainteoirí Gaeilge sa gCathair agus sa gceantar máguaird, chomh maith leis an mbuntáiste eacnamaíoch atá le gnóthú ó acmhainn nádúrtha na Gaillimhe -– an Ghaeilge.

Bhí Arandirect.com/Caol Díreach go hÁrainn fíor-shásta an gradam a aimsiú agus labhair siad faoi thiomantas an chomhlachta maidir le seirbhísí dhátheangacha a chur ar fáil, úsáid na Gaeilge a fhorbairt i gcúrsaí díolacháin agus margaíochta agus a dtiomantas chun tábhacht na Gaeilge i nGaillimh agus ar Oileáin Árann a threisiú.

Thréaslaigh an Méara Niall Ó Brolcháin leis na comhlachtaí ar fad a bhain an gearrliosta amach agus dúirt:“Tréaslaím leis na comhlachtaí go léir atá anseo anocht a rinne an cinneadh ár n-oidhreacht chultúrtha a chur chun cinn agus a threisiú tríd an nGaeilge a úsáid ina ngnó. Tréaslaím le Arandirect.com/Caol Díreach go hÁrainn as an nGradam a bhaint amach. Is deis iontach é Gradam Sheosamh Uí Ógartaigh dúinne anseo i nGaillimh spiorad an dátheangachais a thaispeáint in ár gcathair agus chuige sin stádas dhátheangach a bhaint amach do chathair na Gaillimhe.

Labhair Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Caitlín Nic an Ultaigh ag an imeacht agus thagair sí do thábhacht na Gaeilge chun ár n-uathúlacht agus ár bhfíordheimhneacht mar chathair a chaomhnú. ‘Is ceantar iontach turasóireachta í Cathair na Gaillimhe agus bíonn an cuairteoir, de réir Fáilte Ireland ag lorg rud éigin uathúil agus difriúil. Deir 60% de na cuairteoirí as thar lear gur cúinse spreagúil iad ‘cathracha agus bailte stairiúla’ chun Éire a roghnú mar ionad saoire. (Suirbhé maidir le Dearcadh Cuairteoirí, 2006 Fáilte Ireland). Tá an t-ádh linn anseo i nGaillimh go bhfuil ceann d’ár n-acmhainní nádúrtha is luachmhaire ar fáil dúinn chun ár n-uathúlacht agus ár n-éagsúlacht a chaomhnú agus sin í an Ghaeilge.’

Fógraíodh Tigh Taaffes mar bhuaiteoirí an darna catagóra, comhlachtaí le fiche nó níos lú fostaithe. Tá an-cháil ar Taaffes ar Shráid na Siopaí de bharr a n-atmaisféar Gaelach. Cloistear an Ghaeilge agus ceol traidisiúnta go minic sa bpub agus is ann a théann go leor cainteoirí Gaeilge agus turasóirí i gCathair na Gaillimhe. Tá go leor comharthaí i nGaeilge laistigh den phub agus ar na fuinneoga. Tá siad ag cur lena gcomharthaíocht Ghaeilge (boscaí cipíní, t-léinte atá ar díol, t-léinte d’fhostaithe, biachláir ‘srl). Tapaíonn an fhoireann gach deis chun an Ghaeilge a úsáid agus iad sásta í a labhairt agus seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil.

Ba iad Pádraic Ó Ráighne TG4, Maeve Joyce (Cumann Tráchtála na Gaillimhe) agus Alex Hijmans ( Café Bananaphoblacht agus iarbhuaiteoir Gradam Sheosamh Uí Ógartaigh 2004) a rinne an mholtóireacht i mbliana.

 
 

Pictured: Karen Smyth, Sales & Marketing Manager with AranDirect.com and Minister Eamon Ó'Cuív
 

Pictured (L to R): Minister Éamon Ó Cuív, Sarah Clancy, Tomás Faherty, Prionsias Ó Ógartaigh, Caitlín Nic an Ultaigh - Chairperson, Gaillimh le Gaeilge.
 
Pictured (L to R): Patrick Brennan - Snap Printing, Sarah Clancy, Tomás Faherty, Peadar Ó'Maoláin - Údarás na Gaeltachta, Michael Coyle - Galway Chamber of Commerce.
 
Pictured (L to R): Davina Clancy, Karen Smyth, Maura Joyce, Jimmy Clancy, Sarah Clancy, Fiona Keane, Rosina O'Toole, Tomás Faherty.
 

The annual Gradam Sheosamh Uí Ógartaigh Awards are organised by Gaillimh le Gaeilge in association with Galway Chamber, with special support from Údarás na Gaeltachta and the Galway Advertiser.

This year the Gradam featured two categories sponsored by Údarás na Gaeltachta, companies with twenty or more employees and companies with twenty or less employees

In the category with twenty or less employees, the companies short listed were: Europa Bicycles, Lohans Bar and Restaurant and Taaffes Bar. Tigh Taaffes were announced as the winners of the second category, companies with twenty or less employees.

In the category with more than twenty employees, the companies that were short listed were: AranDirect.com, Galway United FC. and Harrmack Developments. AranDirect.com emerged as winners of this category and then went on to win the Gradam Sheosamh Uí Ógartaigh Award.

For further information on the Gradam Sheosamh Uí Ógartaigh or the Irish language in Galway City, log on to Gaillimh le Gaeilge's website at www.gleg.ie

 
 
 

Seol go hÁrainn le "Rogha na nOileánach"

Cruise to the Aran Islands with "The Islanders' Choice"

   
Coming Soon!
Cashs of Ireland Souvenirs and Gifts
 
Book your Ticket Online
FAQ's
Weather Foreast
Update Register
 
 

Bád Árann Teoranta, t/a Aran Direct / Aran Islands Direct, 29 Forster Street, Galway, Ireland / Caol Díreach go hÁrainn, 29 Sráid Fhorster, Gaillimh, Éire.

T: 00 353 (0)91 566 535 | F: 00 353 (0)91 534 315 | E: info@arandirect.com

Privacy Statement  / Terms and Conditions of Use

Irish - Coming Soon French - Coming Soon Spanish - Coming Soon Italian - Coming Soon Russian - Coming Soon Japanese - Coming Soon